Luke 7:38 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar seasamh agá chosuibh don táobh shiar dhe ag gul, do thionnsgain sí a chosa dionnladh lé na déuruibh, agus a dtiurmughadh lé gruáig a cinn, agus do phóg sí a chosa, agus do ong sí leis an ola íad.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
agus ’n‐a seasamh dhí taobh thiar de i n‐aice a chos, do thionnscain sí ag fliuchadh a chos le n‐a deoraibh, agus do thiormuigh sí le gruaig a cinn iad, agus do bhí sí ag pógadh a chos, agus g‐á n‐ongadh leis an uinneimeint.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
agus a sheas ar a chúl mar a raibh a chosa sínte, agus a thosaigh ar fhliuchadh a chos lena deora, agus ar a dtriomú le gruaig a cinn, agus a phóg a chosa ansin, agus chuir sí an uinnimint orthu.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
agus ar bheith di ar gcúl ag a chosa agus í ag gol, thosaigh ag fliuchadh a chos lena deora, agus bhí á dtriomú le folt a cinn, agus í ag pógadh a chos agus á n-ungadh leis an ola chumhra.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
agus ar a bheith di ar gcúl ag a chosa agus í ag gol, thosaigh ag fliuchadh a chos lena deora, agus bhí dá dtriomú le folt a cinn, agus í ag pógadh a chos agus dá n-ungadh leis an ola chumhra.