Luke 7:39 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus an tan do chonnaire an phairisineach tug an cuirteadh dhósan sin, smuáin sé na inntinn, ag rádh, Dá madh fáidh an fearso, daithnéochadh sé cía agus gá bionnus an bheanso bheanus ris, óir as peacthach í.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus an Fairisíneach thug an cuireadh dhó, nuair do chonnaic sé sin, adubhairt sé ’n‐a inntinn féin, Dá mba fáidh an fear so, do bhéadh a fhios aige cia h‐í an bhean so atá ag baint leis, agus caidé an sórt í, gur peacach í.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ansin nuair a chonaic an Fairiséach a thug an cuireadh dó an méid sin, dúirt sé ina intinn leis féin, “Dá mba fháidh é an duine seo, dʼaithneodh sé cé hí agus cad é an sórt mná atá inti sin atá ag leagan láimhe air, mar is mór an peacach í.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
An Fairisíneach a thug an cuireadh dó, ar a fheiceáil sin dó, dúirt ina aigne: «Dá mba fáidh an duine seo, bheadh a fhios aige cé hí, agus cén sort í, an bhean seo atá ag baint leis, gur peacach í.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
An Fairisíneach a thug an cuireadh dó, ar a fheiceáil sin dó, dúirt ina aigne: “Dá mbʼfháidh an duine seo, bheadh a fhios aige cé hí, agus cén sórt í, an bhean seo atá ag baint leis, gur peacach í.”