Luke 7:42 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus an tráth nach raibh díolaigheachd ag ceachdar díobh ré na thabhairt dó, do mhaith sé dhóibh aráon. Uime sin ínnis damhsa, cia aca léir ab annsa é?
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus nuair nach raibh ar chumas dóibh íoc, do mhaith sé dhóibh araon é. Cia aca dhíobh is mó grádh dhó?
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Nuair nár fhéad siad a n‑íoc, mhaith sé a bhfiacha don bheirt acu. Cé acu anois a thabharfaidh an grá is mó dó?”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Nuair nach raibh an t-íoc acu, mhaith sé dóibh araon. Cé acu, mar sin, is mó grá dó?»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Nuair nach raibh an t-íoc acu, mhaith sé dóibh araon. Cé acu, mar sin, is mó grá dó?”