Luke 7:44 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar bhfilleadh dhó chum na mná, a dubhairt sé ré Síomón, An bhfaicean tú an bhean so? tháinic misi a sdeach dod thighsi agus ní thug tú uisgi chum mo chos díonladh: achd do nigh an bhean so mo chosa le na déuruibh, agus dé thiormuigh sí íad le grúaig a cinn.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus ag casadh chum na mná dhó, adubhairt sé le Síomón, An bhfeiceann tú an bhean so? Tháinig mise isteach id’ thigh‐se, ní thug tú uisce dom’ chosaibh dhom: acht d’fhluich sise mo chosa le n‐a cuid deor, agus do thiormuigh sí le n‐a gruaig iad.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Thiontaigh sé ansin chuig an mbean agus ar seisean le Síomón, “An bhfeiceann tú an bhean seo? Tháinig mise chun tí agat, agus níor thug tú aon uisce dom le haghaidh mo chos, ach nigh sise mo chosa lena deora agus chuimil iad le gruaig a cinn á dtriomú.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus ag iompú chun na mná, dúirt sé le Síomón: «An bhfeiceann tú an bhean seo? Tháinig mé isteach i do theach; níor thug tú uisce chugam do mo chosa; ach do fhliuch sí seo mo chosa lena deora agus thriomaigh lena gruaig iad.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus ag iompú chun na mná, dúirt sé le Síomón: “An bhfeiceann tú an bhean seo? Tháinig mé isteach i do theach; níor thug tú uisce chugam do mo chosa; ach dʼfhliuch sí seo mo chosa lena deora agus thriomaigh lena gruaig iad.