Luke 7:47 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ar a nadhbharsin a deirim riot, Go bhfuilid a hiomad peacaidh, ar na maitheamh dhi; air sin as mór a grádheas sí. Achd gidh bé dá maithtear beagan as beag grádhuigheas sé.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
D’á bhrigh sin adeirim leat, Atá a peacaidhe, a lán mór peacaidhe, maithte dhí; óir ba mhór é a grádh: acht an té d’á maithtear beagán, is beag é a ghrádh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Dá bhrí sin tá mise á insint duit, go bhfuil a cuid peacaí dá liacht iad maite di ar liacht a grá; ach an té a maitear an beagán dó, ní bhíonn aige ach beagán grá.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Sin é an fáth, deirim leat, a bhfuil a peacaí a mórchuid peacaí maite di; is léir sin ó mhéid a grá. Ach an té dá maítear an beagán, ní ghránn ach beagán.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Sin é an fáth, deirim leat, a bhfuil a peacaí–a mór-chuid peacaí–maite di; is léir sin ó mhéid a grá. Ach an té dá maítear an beagán, ní ghránn ach beagán.”