Luke 7:6 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do chuaidh Iósa léo. Agus an tan do bhí sé a ngar don tigh, do chuir an caiptín a cháirde chuige, ag rádh ris, A Thighearna, Ná cuir búaidhreadh ort féin: óir ní fíu misi go rachfá a sdeach fá chléith mo thighe:
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do‐chuaidh Íosa i n‐éinfheacht leo. Agus nuair nach raibh sé i bhfad ó’n tigh, do chuir an ceanntúir cáirde leis chuige, g‐á rádh leis, A Thighearna, ná cuir aon trioblóid ort féin: óir ní fiú mise go dtiocfá isteach fám’ dhíon:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus chuaigh Íosa leo. Ach nuair a bhí sé tamall ón teach, chuir an ceantúir cuid dá chairdesean chuige, a dúirt leis, “A Thiarna, ná cuirigí an saothar seo oraibh féin, mar ní fiú mé go dtiocfadh sibh faoi mo dhíon;
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus d' imigh Íosa leo. Ní raibh sé i bhfad ón teach nuair a chuir an taoiseach céad cairde chuige á rá leis: «A Thiarna, ná cuir as duit féin, óir ní fiú mé go dtiocfá isteach faoi dhíon mo thí:
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus dʼimigh Íosa leo. Ní raibh sé i bhfad ón teach nuair a chuir an taoiseach céid cairde chuige dá rá leis: “A Thiarna, ná cuir as duit féin, óir ní fiú mé go dtiocfá isteach faoi dhíon mo thí: