Luke 7:9 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar ná gcloisdin so Díosa, do bhí iongnadh aige ann, agus ar bhfilleadh dhó, a dubhairt sé ris a tslúagh do lean é, A deirim ribh, Nach bhfuair mé a Nisrael féin, a chomhmór se do chreideamh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus nuair do‐chuala Íosa an méid sin, ba iongnadh mór leis é, agus d’iompuigh sé agus adubhairt sé leis an sluagh do bhí g‐á leanamhain, Adeirim libh, Nach bhfuaras an oiread sin creidimh i nIsrael féin.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Nuair a chuala Íosa na briathra sin rinne sé iontas den té a dúirt iad, agus thiontaigh sé thart go ndúirt leis an slua a bhí á leanúint, “Tá mise á insint daoibh nach bhfuair mé riamh creideamh chomh mór leis sin, in Iosrael féin.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Nuair a chuala Íosa an méid sin, rinne sé ionadh den duine, agus, ag iompú chun an tslua a bhí á leanuint, dúirt: «Deirim libh, ní bhfuair mé in Iosrael féin creideamh chomh láidir leis seo.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Nuair a chuala Íosa an méid sin, rinne sé ionadh den duine, agus, ag iompú chun an tslua a bhí dá leanúint, dúirt: “Deirim libh, ní bhfuair mé in Iosrael féin creideamh chomh láidir leis seo.”