Luke 8:1 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus tárla na dhiáigh so, gur shiobhuil seisean tré gach cathair, agus gach baile, ag seanmórughadh, agus ag siosgéulughadh ríoghachda Dé: agus an dá fhear dhég na fhochair,
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus tharla, tamall ’n‐a dhiaidh sin, go ndeachaidh sé tré chathrachaibh agus tré bhailtibh beaga, ag seanmórú agus ag craobhscaoileadh soiscéil ríoghachta Dé,
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Go gairid ina dhiaidh sin chuaigh sé ar aghaidh leis tríd na cathracha agus na bailte beaga, agus é ag seanmóireacht agus ag tabhairt dea-scéal ríocht Dé chucu. Agus bhí an dáréag ina chuideachta,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tharla ina dhiaidh sin gur thaistil sé cathracha agus bailte ag seanmóir agus ag fógairt dea-scéal ríocht Dé, agus an dáréag á thionlacan
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Tharla ina dhiaidh sin gur thaistil sé cathracha agus bailte ag seanmóir agus ag fógairt dhea-scéal ríocht Dé, agus an dáréag dá thionlacan