Luke 8:10 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a dubhairt seisean, Is dáoibhsi tugadh rúndiamhra rioghachda Dé daithniughadh: achd do chách eile a ccosamhlachduibh; ionnus ag faicsin dóibh nach bhfaicdís, agus ag cluinsin dóibh nach dtuigfidís.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus adubhairt sé, Tugadh daoibh‐se rúin‐diamhra ríoghachta Dé d’aithint: acht do dhaoinibh eile i samhlaoidibh; ionnas, ag féachain dóibh nach bhfeicfidís, agus ag éisteacht dóibh nach dtuigfidís.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
ar seisean, “Is daoibhse a deonaíodh fios rúndiamhra ríocht Dé; ach níl sin le fáil ag an gcuid eile acu ach go fáithchiallach, ionas go bhfeice siad gan a fheiceáil, agus go gcluine siad gan a thuiscint.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dúirt sé: «Tá sé tugtha daoibhse eolas a bheith agaibh ar rúndiamhra ríocht Dé, ach do chách eile i bparabail, chun go ' mbreathnoidís ach nach bhfeicfidís, agus go mbeidís ag éisteacht ach nach dtuigfidís.'
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dúirt sé: “Tá sé tugtha daoibhse eolas a bheith agaibh ar rúndiamhra ríocht Dé, ach do chách eile i bparabail, chun go ‘mbreathnoidís ach nach bhfeicfidís, agus go mbeidís ag éisteacht ach nach dtuigfidís.’