Luke 8:14 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd an ní úd do thuit a measg na ndeilbneach, a siad so do éisd, achd ar nimtheachd dóibh, muchtar íad lé cúram agus lé saidhbhreas agus lé saímhe na beatha, agus ní thabhruid toradh úatha.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus an chuid do thuit i measc an drisligh, is iad‐san na daoine d’éist, agus sa tslighe dhóibh, múchtar iad le cúram, agus le saidhbhreas, agus le pléisiúr an tsaoghail, agus ní thugaid toradh chum abaidheachta.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus an méid a thit i measc na ndriseog, sin an dream a éisteas, ach nuair a théann siad ar aghaidh tachtann imní agus saibhreas agus pléisiúir an tsaoil seo iad, agus ní aibíonn a dtoradhsan.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
É siúd a thit sa deilgneach, sin iad na daoine a chuala, ach go n-imíonn siad leo agus go bplúchtar iad ag cúraimí agus ag saibhreas agus ag pléisiúir an tsaoil, agus ní thagann siad chun aibíochta.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
É siúd a thit sa deilgneach, sin iad na daoine a chuala, ach go n-imíonn siad leo agus go bplúchtar iad ag cúraimí agus ag saibhreas agus ag pléisiúir an tsaoil, agus ní thagann siad chun aibíochta.