Luke 8:16 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd ní bhfuil neach ar bith, lasas coinneall, fholchas fáoi shouightheach í, ná chuireas fáoi leabuidh í; achd cuiridh sé a gcoinnleóir í, do chum go bhfaicfheadh an luchd théid a sdeach an solas.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus ní fhuil aon duine, ar lasadh lóchrainn dó, chumhduigheas fá bhéal soithigh é, nó chuireas fá leabaidh é; acht cuireann sé ar choinnleoir é, i dtreo go bhfeicfidh siad‐san thigeas isteach an solas.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
“Ní gnách le haon duine, nuair a bhíonn an lampa lasta aige, a dhalladh le soitheach, nó a chur faoin leaba, is ar sheastán a chuireas sé é, ionas go mbí an solas le feiceáil ag a dtagann chun an tí.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«Ní lasann aon duine lampa agus é a chur i bhfolach in áras; ná ní faoi leaba a chuirtear é, ach cuirtear ar chrann solais é, chun go bhfeicfeadh na daoine a thagann isteach an solas.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
“Ní lasann aon duine lampa agus é a chur i bhfolach in áras; ná ní faoi leaba a chuirtear é, ach cuirtear ar chrann solais é, chun go bhfeicfeadh na daoine a thagann isteach an solas.