Luke 8:18 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Ar a nadhbharsin tabhruidh bhur naire ribh cionnas éisdeas sibh: óir gidh be neach agá bhfuil, is dó do bhéarthar; agus gidh bé neach ag nach bhfuil, béarthar úadh an ní fós sháoiltear do bheith aige.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
D’á bhrigh sin, tabhraidh do bhúr n‐aire cionnas éistfeas sibh: óir cibé duine ag a bhfuil nidh, do‐bhéarfar dó; agus cibé duine nach bhfuil nidh aige, tógfar uaidh a measann sé a bheith aige.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Tugaigí aird mar sin cad é mar éisteann sibh; mar cuirfear ní leis an té a bhfuil aige, agus bainfear an ní a shíleas sé atá aige den té sin féin nach bhfuil ní aige.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Bígí aireach, dá bhrí sin, conas a chluineann sibh; óir an té a mbíonn aige, tabharfar dó, agus an té nach mbíonn aige, bainfear de fiú an ní a shíleann sé a bheith aige.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Bígí aireach, dá bhrí sin, conas a chluineann sibh; óir an té a mbíonn aige, tabharfar dó, agus an té nach mbíonn aige, bainfear de fiú an ní a shíleann sé a bheith aige.”