Luke 8:24 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar ndol cuigesean dóibh, do dhúisgeadar é, ag rádh, A Mhaighisdir, a mhaighisdir, a támaoid ar fágbháil. Agus ar neirghe dhósan do bhagair sé ar an gaoith agus ar thonnghail a nuisge: agus do choisgeadar, agus tainic ciuinas ann.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus thángadar chuige, agus do dhúisighéadar é, g‐á rádh, A Mháighistir, a Mháighistir, atáimíd d’ár mbádhadh. Agus do dhúisigh sé, agus do bhagair sé ar an ngaoith agus ar ghargaint na tuinne: agus do stadadar agus tháinig ciúnas.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus chuaigh siad gur mhúscail siad é á rá leis, “A Mháistir, a Mháistir, táimid caillte!” Agus mhúscail sé agus bhagair sé ar an ngaoth agus ar na tonnta tréana; agus stad siad agus bhí ciúnas ann.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus tháinig siad chuige á mhúscailt, ag rá: «A Mháistir, a Mháistir, tá an bás againn!» Agus ar dhúiseacht dó, bhagair sé ar an ngaoth agus ar an uisce suaite; agus chiúnaigh orthu agus bhí ina théigle.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus tháinig siad chuige dá mhúscailt, ag rá: “A Mháistir, a Mháistir, tá an bás againn!” Agus ar dhúiseacht dó, bhagair sé ar an ngaoth agus ar an uisce suaite; agus chiúnaigh orthu agus bhí ina théigle.