Luke 8:25 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a dubhairt sé ríu, Cáit an a bhfuil bhar gcreideamh? agus ar mbeith le heagla dhóibhsion do ghabh iongnadh íad, ag rádh ré chéile, Cia be so! a deir ris na gáothaibh agus ris a nuisge fós bheith na dtochd, agus úmhluighid síad dó.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus adubhairt sé leo, Cá bhfuil bhúr gcreideamh? Agus do bhí eagla ortha agus do bhí iongnadh mór ortha, agus iad g‐á rádh le n‐a chéile, Cia h‐é seo, go dtugann sé órdú do na gaothaibh agus do na tonnaibh féin, agus go n‐umhluighid dó?
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus ar seisean leo, “Cá bhfuil bhur gcreideamh?” Agus bhí eagla orthu, agus rinne siad iontas de, á rá le chéile, “Cé an sórt duine é seo, go n‑ordaíonn sé go fiú don ghaoth agus don uisce, agus go n‑umhlaíonn siad dó?”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus dúirt sé leo: «Cá bhfuil bhur gcreideamh?» Ach bhí uamhan orthu agus rinne siad ionadh de, á rá eatarthu féin: «Cé hé an duine seo, más ea, a rá go bhfógraíonn sé ar na gaotha féin agus ar an uisce, agus go ndéanann siad rud air?»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus dúirt sé leo: “Cá bhfuil bhur gcreideamh?” Ach bhí uamhan orthu agus rinne siad ionadh de, dá rá eatarthu féin: “Cé hé an duine seo, más ea, a rá go bhfógraíonn sé ar na gaotha féin agus ar an uisce, agus go ndéanann siad rud air?”