Luke 8:27 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar ndol a dtír dhósan, tárla óglach áirighe as an gcathruigh air, ann a rabhadar deamhuin re haimsir fhada, agus ag nach bíodh éadach uime, agus ní comhnuigheadh sé a dtigh, achd an sna tuámaidhibh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus nuair tháinig sé i dtír, do casadh air fear áirithe as an gcathair go raibh deamhain ann; agus nach raibh éadaighe air ar feadh i bhfad, agus nár chómhnuigh i n‐aon tigh, acht amháin ins na tuamaibh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus ní raibh sé ach ag cur a chos ar an talamh nuair a tháinig fear ón gcathair ina airicis a raibh deamhain ann; bʼfhada ó chaith sé éadaí, agus ní i dteach a bhí a chónaí ach i measc na dtuamaí.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Nuair a bhí sé ag teacht i dtír, tháinig faoina dhéin duine ón gcathair a raibh deamhain ann, agus bhí sé seal mór aimsire gan aon éadach á chur air ná cónaí in aon teach ach sna tuamaí.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Nuair a bhí sé ag teacht i dtír, tháinig faoina dhéin duine ón gcathair a raibh deamhain ann, agus bhí sé seal mór aimsire gan aon éadach dá chur air ná cónaí in aon teach ach sna tuamaí.