Luke 8:28 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ag faicsin Iósa dhó, agus ag éighmhe, do theilg sé é féin siós aga chosaibh, agus a dubhairt sé do ghuth ard, Créd é mo chuidsi dhiót, a Iósa, a Mhic Dé ro áird? Iarruim ort, gan mo phiánadh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus nuair do chonnaic sé Íosa, do ghlaodh sé amach agus do thuit sé ar lár roimhe, agus adubhairt sé de ghuth árd, Caidé an chuid atá agam‐sa dhíot, a Íosa, a Mhic Dé is Aoirde?
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Nuair a chonaic sé Íosa, lig sé béic as agus thit sé ar a bhéal roimhe, agus dúirt sé in ard a chinn, “Cad é an bhaint atá agat liom, a Íosa, a Mhic an Ard-Dé? Mar achainí ort é, ná bí do mo chéasadh.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus ar fheiceáil Íosa dó, scread sé amach agus chaith é féin síos roimhe agus dúirt de ghlór ard: «Cad ab áil leat díom, a Íosa, a Mhic Dé ró-aird? Iarraim ort, ná déan mé a chrá.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus ar fheiceáil Íosa dó, scread sé amach agus chaith é féin síos roimhe agus dúirt de ghlór ard: “Cad ab áil leat díom, a Íosa, a Mhac Dé ró-aird? Iarraim ort, ná déan mé a chrá.”