Luke 8:29 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oir do aithin sé don spiorad neamhghlan dol as an duine. Oír is iomdha uáir do bheireadh sé siothadh air: agus do cheangluidh le slabhraidhibh agus do coimhéaduibh le géimhleachuibh é; agus ar mbriseadh na gcuibhreach dhósan, do thiománadh an deamhan fá na fasaighibh e.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Athchuinghim ort gan mo phianadh. Óir do bhí sé g‐á órdú do’n spioraid neamh‐ghlain teacht amach as an duine. Óir ba mhinic do‐bheireadh sí air: agus do coimhéadthaidhe é fá ghárda, agus do ceangailtidhe é le slabhraibh agus le geimhlibh; agus ag réabadh na gcuibhreach ó chéile dhó, do ruaigeadh an deamhan amach sa bhfásach é.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Mar bhí ordaithe aige don sprid neamhghlan teacht amach as an bhfear. (Ba mhinic dó breith air; agus coinníodh faoi choimeád é, agus ceanglaíodh i slabhraí agus i ngeimhle é, ach bhriseadh sé an ceangal agus thiomáineadh an deamhan amach ar an bhfásach é.)
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Óir bhí Íosa á ordú don spiorad míghlan dul amach as an duine. Óir is iomaí uair roimhe sin a rug sé go foréigneach air; agus cheanglaítí ina bhrá é le slabhraí agus le geimhle, ach bhriseadh sé na géibhinn agus bhíodh sé á thiomáint ag an deamhan faoi na fásaigh.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Óir bhí Íosa dá ordú don spiorad míghlan dul amach as an duine. Óir is iomaí uair roimhe sin a rug sé go foréigneach air; agus cheanglaítí ina bhrá é le slabhraí agus le geimhle, ach bhriseadh sé na géibhinn agus bhíodh sé dá thiomáint ag an deamhan faoi na fásaigh.