Luke 8:35 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do chúadarsan amach dféachain an neith do rinneadh; agus tangadar dionnsuighe Iósa, agus fúaradar an duine, as a ndeachadar na deamhuin, a na éadughadh, agus é ar deaghcheill, na shuidhe ag cosaibh Iósa: agus go ghabh eagla íad.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do chuadar amach go bhfeicfidís créad do thuit amach; agus thángadar chum Íosa, agus fuaradar an fear as ar imthigh na deamhain, a éadaighe air, agus é ’n‐a shuidhe ’n‐a ghlain‐mheabhair ag cosaibh Íosa: agus do bhí eagla ortha.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Chuaigh daoine amach ansin go bhfeicfidís cad é a tharla, agus tháinig go dtí Íosa, go bhfuair siad an fear ar imigh na deamhain as, ina shuí ag cosa Íosa, agus é ina mheabhair agus éadaí air; agus bhí eagla orthu.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tháinig na daoine amach go bhfeicfidís an ní a tharla, agus ar theacht dóibh chun na háite ina raibh Íosa, fuair siad an fear a raibh na deamhain imithe as ina shuí agus a chuid éadaigh air, ina cheartmheabhair, ag cosa Íosa; agus bhí uamhan orthu.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)