Luke 8:39 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Fill dod thigh féin, agus innis meúd na neitheann do rinne Día dhuit. Agus do imthigh seision, ar feadh na caithreach uile ag innisin créd íad na neithe do rinne Iósa dhó.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Imthigh chum do thighe féin, agus innis na neithe móra do‐rinne Dia dhuit. Agus d’imthigh sé ar a bhóthar, agus é ag innsin ar fud na cathrach ar fad i dtaobh na neithe mór do‐rinne Íosa dhó.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
“Fill ar do theaghlach féin, agus foilsigh a bhfuil déanta ag Dia duit.” Agus dʼimigh sé leis ag fógairt ar fud na cathrach uile a ndearna Íosa dó.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«Imigh ar ais abhaile agus aithris a bhfuil déanta ag Dia duit.» Agus d' imigh sé ar fud na cathrach go léir ag fógairt a raibh déanta ag Íosa dó.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
“Imigh ar ais abhaile agus aithris a bhfuil déanta ag Dia duit.” Agus dʼimigh sé ar fud na cathrach go léir ag fógairt a raibh déanta ag Íosa dó.