Luke 9:12 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do bhí an lá ag dol thárrsa, agus trangadar an dá fhear dhég chuigesion, agus a dubhradar ris, Léigh uáit an slúagh, ionnus go numéochaidis fa na bailtibh agus fan tír do leathnughadh, agus go ccomhnuidhid, agus dfaigháil bídh: óir a tamáoid ann so a náit fhásamhuil.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do bhí an lá ag dul i ndéidheannaighe; agus tháinig an dáréag, agus adubhradar leis, Cuir na sluaighte chum bealaigh, ionnas go rachaidh siad isteach ins na bailtibh beaga, agus sa tír thart thimcheall, chum lóistín agus lón d’fhágháil: óir is i bhfásach atáimíd annso.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Faoin am sin bhí an tráthnóna beag ann; agus tháinig an dáréag chuige go ndúirt leis, “Cuir uait an slua, go rachaidís thart faoi na bailte beaga agus an tír thart timpeall, go bhfaighidh siad lóistín agus bia; mar táimid anseo in áit gan áitreabh.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Bhí an lá ag druidim siar, áfach, agus tháinig an dáréag chuige agus dúirt leis: «Scaoil uait an slua, go dtéidís isteach sna bailte agus sna feirmeacha mórthimpeall agus lóistín agus lón bia a fháil, óir is áit uaigneach é seo ina bhfuilimid.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Bhí an lá ag druidim siar, áfach, agus tháinig an dáréag chuige agus dúirt leis: “Scaoil uait an slua, go dtéidís isteach sna bailte agus sna feirmeacha mór-thimpeall agus lóistín agus lón bia a fháil, óir is áit uaigneach é seo ina bhfuilimid.”