Luke 9:13 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd a dubhairt seision riú, Tabhruidhsi ní lé na ithe dhóibh. Agus a dubhradarsan, Ní bhfuil ní is mó aguinn ná cúig aráin agus dá iásg, achd mona dteímis do cheannach bidh don phobal so nile.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht adubhairt seisean leo, Tabhraidh‐se rud le n’ithe dhóibh. Agus adubhradar‐san, Ní fhuil againne acht cúig bollóga agus dhá iasc; muna dtéighmís ag ceannach bidh do na daoinibh seo go léir.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach ba é a dúirt sé leo, “Tugaigíse bia dóibh le n‑ithe.” Ar siadsan leis, “Níl againn ach cúig bhuilín aráin agus dhá iasc—sin mura n‑imímid a cheannach bia do na daoine seo uile.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ach dúirt sé leo: «Tugaigí sibhse rud le hithe dóibh.» Dúirt siad: «Níl againn ach cúig builíní agus dhá iasc, ach mura dtéimid féin ag ceannach bia don chomhthionól seo uile»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ach dúirt sé leo: “Tugaigí sibh-se rud le hithe dóibh.” Dúirt siad: “Níl againn ach cúig bhuilín agus dhá iasc, ach mura dtéimid féin ag ceannach bia don chomh-thionól seo uile”–