Luke 9:16 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar ngabháil na gcúig narán agus an dá iásg dhósan, agus ar bhféachain sias ar neamh, do bheannuigh sé iád, agus do bhris sé, agus tug sé dhá dheisciobluibh iád do chum go gcuirfidís a bhfiadhnuisi an phubail iád.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do ghlac sé na cúig bollóga agus an dá iasc, agus ag féachain suas ar neamh dhó, do bheannuigh agus do bhris sé iad; agus thug sé d’á dheisceablaibh iad chum go gcuirfidís os cómhair na ndaoine iad.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus ghlac sé na cúig bhuilín aráin agus an dá iasc, agus dʼamharc sé in airde i dtreo neimhe, agus bheannaigh sé agus roinn sé iad, gur thug do na deisceabail iad lena leagan roimh an slua.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Thóg sé na cúig builíní agus an dá iasc, agus, ar dhearcadh suas chun na bhflaitheas dó, bheannaigh iad agus bhris agus thug do na deisceabail iad le cur os comhair an tslua.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Thóg sé na cúig bhuilín agus an dá iasc, agus, ar dhearcadh suas chun na bhflaitheas dó, bheannaigh iad agus bhris agus thug do na deisceabail iad le cur os comhair an tslua.