Luke 9:17 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus a dithadar, agus do sasaigheadh iad uile: agus do tógbhadh dhá chlíabh dhég do bhíadh bhrisde do bhí dfhuighioll aca.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus d’itheadar, agus do bhí a ndóthain aca go léir: agus do tógadh lán dá chiseán déag de’n fhuighleach do bhí fágtha aca.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus dʼith siad uile a sá. Agus tógadh an fuílleach a fágadh, dhá chiseán déag de bhloghanna briste.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
D' ith siad uile agus bhí siad sách, agus tógadh suas an fuílleach: dhá chiseán déag de bhruscar.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dʼith siad uile agus bhí siad sách, agus tógadh suas an fuílleach: dhá chiseán déag de bhruscar.