Luke 9:19 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do fhreagradarsan agus a dubhradar, Eóin Baisde; agus cuid eile, Elías; agus cuid eile, gur éighe fáigh éigin do na seanfháighibh a rís.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus d’fhreagradar‐san, g‐á rádh, Eoin Baiste; acht adeir daoine eile, Élias; agus daoine eile, gur duine de na sean‐fháidhibh d’éirigh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus dʼfhreagair siad, “Eoin Baiste; ach go ndeir dream eile gur tú Elía; agus dream eile, go bhfuil duine de na seanfháithe i ndiaidh éirithe.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dúirt siad á fhreagairt: «Eoin Baiste; ach cuid eile acu Éilias, cuid eile gur fáidh éigin de na sinsir atá aiséirithe.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dúirt siad dá fhreagairt: “Eoin Baiste; ach cuid eile acu Éilias, cuid eile gur fáidh éigin de na sinsir atá aiséirithe.”