Luke 9:42 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ad teachd chuige dhó, do bhúail an deamhan síos é, agus do tharruing sé as a cheile é. Achd do imdhearg Iósa an spiorad neamhglan, agus do leighis sé an leanabh, agus thug sé dhá athair fein é.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus ag teacht chuige dhó, do leag an deamhan ar lár é, agus do tharraing sé as a chéile é. Acht do smachtuigh Íosa an spioraid neamh‐ghlan, agus do leigheas sé an buachaill, agus thug sé ar ais d’á athair é.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Nuair a bhí sé ag teacht chuige, réab an deamhan agus chuir i dtrithí é. Ach bhagair Íosa ar an sprid neamhghlan, agus leigheas sé an gasúr, gur thug ar ais dá athair é.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus le linn dó bheith ag teacht chuige, theilg an deamhan ar lár é agus bhain rachtaí as go dolba. Ach bhagair Íosa ar an spiorad míghlan, agus leigheas sé an t-ógánach agus thug ar ais dá athair é.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus le linn dó a bheith ag teacht chuige, theilg an deamhan ar lár é agus bhain rachtanna as go dalba. Ach bhagair Íosa ar an spiorad míghlan, agus leigheas sé an t-ógánach agus thug ar ais dá athair é.