Luke 9:43 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd do ghabh úathbhás cách uile trí mhórchumhachd Dé. Agus ar mbeith ag déanamh iongantus doibh uile ann gach uile ní da ndearnuidh Iósa, a dubhairt sé ré na dheiscioblaibh,
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do bhí uathbhás ar chách mar gheall ar mhór‐chumhacht Dé. Agus nuair do bhí gach uile dhuine ag déanamh ionganta de gach nidh do bhí d’á dhéanamh aige, adubhairt sé le n‐a dheisceablaibh,
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus bʼiontach leo uile é mórgacht Dé. Ach nuair a bhí siad ag déanamh iontais de gach aon ní dá ndearna sé, dúirt sé lena dheisceabail,
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus nuair ab ionadh le cách a raibh á dhéanamh aige, dúirt sé lena dheisceabail: Agus ghabh iontas cách faoi mhórgacht Dé.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus ghabh iontas cách faoi mhórgacht Dé. Agus nuair ab ionadh le cách a raibh dá dhéanamh aige, dúirt sé lena dheisceabail: