Luke 9:49 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar bhfreagra Déoin a dubhairt sé, A Mhaighisdir, do chunncamairne duine áirighe ag teilgean deamhan a mach ad ainmsi; agus do thoirmeasgamar é, ar son nach leananu sé dhínne.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus d’fhreagair Eoin agus adubhairt sé, A Mháighistir, do chonnacamar duine ag cur deamhain amach id’ ainm‐se; agus do choisceamar é, toisc nach leanann sé i n‐éinfheacht linne.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ba é an freagra a thug Eoin air, “A Mháistir, chonaiceamar an fear agus é ag díbirt deamhan i dʼainm, agus chrosamar air é, de bhrí nach leanann sé an bealach céanna linne.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Labhair Eoin agus dúirt: «A Mháistir, chonaiceamar duine ag caitheamh deamhan amach i d' ainmse agus chuireamar cosc leis, óir ní leanann sé tú in aonbhuíon linne.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Labhair Eoin agus dúirt: “A Mháistir, chonaiceamar duine ag caitheamh deamhan amach i dʼainm-se agus chuireamar cosc leis, óir ní leanann sé thú in aon-bhuíon linne.”