Malachi 1:13 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
A dubhrabhair fós, Féuch, an sáothar! agus do shéideabhair uáibh é, a deir TIGHEARNA na slógh; agus thugabhair libh an ní do bhí réubtha, agus an teaslán, agus an bacach; marso thugabhair ofráil libh: an ngéabhuinnsi so as bhur lámbuibh? a deir an TIGHEARNA.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
' A leithéid de chrá croí,' a deir sibh, agus cuireann sibh cor in bhur srón chuige go dímheasúil, a deir Tiarna na Slua. Tugann sibh ainmhí éigin chugamsa, bíodh sé bacach nó breoite, agus ofrálann sibh domsa é mar íobairt. An é go gcaithfidh mé glacadh lena leithéid sin uaibhse? a deir an Tiarna.