Malachi 1:4 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
An tionad a nabair Edom, Do bochtuigheadh sinn, acht fillfiom agus cuirfiom na háite fáis súas; is marso a deir TIGHEARNA na slógh, Cuirfid síad súas, acht teilgfidh misi síos; agus goirfid siad díobh, Teórann na hurchóide, agus, Na daóine a naghaidh a bhfuil dioghaltas an TIGHEARNA a comhnuighe.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Má deir Eadóm: «Scriosadh sinn ach atógfaimid na fothraigh,» is é a deir Tiarna na Slua: «Tógaidís iad ach leagfaidh mise ar lár arís iad. Glaofar orthu ' Dúiche an oilc' agus ' An cine a bhfuil an Tiarna i bhfeirg leis de shíor'.»