Malachi 1:6 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
¶ Onóruigh mac a athair, agus onór uigh serbhíseach a mhaighistir: maiseadh más athair misi, caidhe monóir? agus mas maighistir mé, caidhe meagla? a deir TIGHEARNA na slógh ribhsi, a shagarta, dhímeasas mainm. Agus a dearthaói, Cred ionar dhísbeagamairne hainm?
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
«Tugann an mac ómós dá athair agus bíonn an seirbhíseach urramach dá mháistir. Mar sin de, más athair mé, cá bhfuil an t-ómós is dleacht dom? Más máistir mé, cá bhfuil an urraim is dlite dom? Sin mar a labhraíonn Tiarna na Slua libhse, a shagarta, a mhaslaíonn m' ainm. Fiafraíonn sibhse de, áfach, ' Conas a mhaslaíomar d' ainm?'