Malachi 2:17 — Compare Translations
2 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
¶ Do choireabhair an TIGHEARNA le bhur mbríathruibh. Thairis sin a dearthaói, Ciodh ié ar chuireamar é? an tan a dearthaói, A nuile dhuine da ndéan olc is maith é a radharc an TIGHEARNA, agus do bhí dúil aige ionta; nó, Cáit a bhfuil Dia an bhreitheamhnuis?
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Cuireann sibh tuirse ar an Tiarna le bhur gcaint. Deir sibh, áfach: «Conas a chuirimid tuirse air?» Trína rá: «Cibé ar bith duine a dhéanann an t-olc, is dea-dhuine é i súile an Tiarna agus is orthu atá gean agus gnaoi aige»; nó: «Cá bhfuil Dia na córa?»