Malachi 4:1 — Compare Translations

2 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Oir, féuch, tiucfa an lá loiscfios amhuil bacús; agus na húaibhrigh uile, fós, a nuile dhuine do ní urchóid, béid na cconnlach: agus loiscfidh an lá thiucfas íad súas, a deir TIGHEARNA na slógh, iondus nach bhtágfa fréumh nó beangán díobh.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
3:19 «Óir, féach, tá an lá ag teacht, agus é ar dearglasadh mar fhoirnéis, a mbeidh na scigirí uile agus lucht déanta an oilc go léir mar choinleach, agus ídeoidh an lá atá le teacht iad sa chaoi nach bhfágfaidh sé fréamh ná craobh acu, a deir Tiarna na Slua.