Mark 1:13 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do bhí sé ann sin ar an bhfásach dhá fhithchead lá, ág fulang chathuighthe ó Shátan; agus do bhí sé a bhfochair na mbeitheach allta; agus do bhí na haingil ag mionasdrálachd dó.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do bhí sé ins an bhfásach dá fhichid lá ag fulang cathuighthe ó Shátan; agus do bhí sé i bhfochair na mbeithidheach n‐allta; agus do bhí na h‐aingil ag friotháileamh air.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus chaith sé seal daichead lá ar an bhfásach agus Sátan ag cur cathuithe air; agus é in éineacht leis na beithígh allta; agus rinne na haingil timireacht air.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
agus bhí sé daichead lá san fhásach á phromhadh ag Sátan. Agus bhí sé in éineacht leis na beithígh allta; agus bhí na haingil ag freastal air.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
agus bhí sé daichead lá sa bhfhásach dá phromhadh ag Sátan. Agus bhí sé in éineacht leis na beithígh allta; agus bhí na haingil ag freastal air.