Mark 1:22 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do ghabh iongnadh íadsan fá na theagasg: óir do theaguisg sé íad mar neach agá raibh cumhachda, agus ní mar na sgríobuighe.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do chuir a theagasc iongnadh ortha: óir do theagaisc sé iad mar dhuine ag a raibh ughdarás, níorbh ionann agus na scríobhaidhthe é.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus bʼiontach leo a theagasc, óir bhí sé mar theagasc ó dhuine a raibh údarás aige, nárbh ionann agus teagasc na scríobhaithe.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus bhí ionadh orthu faoina theagasc; á dteagasc a bhí sé mar dhuine a mbeadh údarás aige, níorbh ionann agus na scríobhaithe.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus bhí ionadh orthu faoina theagasc; dá dteagasc a bhí sé mar dhuine a mbeadh údarás aige, níorbh ionann agus na scríobhaithe.