Mark 1:27 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do ghabh úathbhás cách uile, ionnus gur fhíafruigheadar eatorra féin, ag rádh, Créd é so? créd é an teagusg núadh so, go gcuireann sé smachd maille ré cumhachduibh ar na spioraduibh neamhghlana, agus do númhluighid dho,
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus tháinig uathbhás ortha uile agus d’fhiafruigheadar díobh féin, Créad é seo? teagasc úr‐nua! cuireann sé smacht go h‐ughdarásach ar na spioraidibh neamh‐ghlana féin, agus géilleann siad dó.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus bhí uafás orthu uile, gur cheistigh siad a chéile, agus iad á rá, “Cad é seo? Teagasc úrnua! É ag ordú go fiú na spridí neamhghlana go húdarásach, agus iad ag géilleadh dó.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus bhí alltacht chomh mór sin ar chách go raibh siad ag fiafraí dá chéile: «Cad é an rud é seo?» deiridís: «teagasc nua á dhéanamh le húdarás; na spioraid mhíghlana féin, fógraíonn sé orthu agus déanann siad rud air.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus bhí alltacht chomh mór sin ar chách go raibh siad ag fiafraí dá chéile: “Cad é an rud é seo?” deiridís: “teagasc nua dá dhéanamh le húdarás; na spioraid mhíghlana féin, fógraíonn sé orthu agus déanann siad rud air.”