Mark 1:30 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do bhí mathair mhná Shimóin na luighe a bfiabhrus, agus do labradarsan do láthair risean na tímcheall.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do bhí máthair mná Shíomóin ’n‐a luighe agus fiabhras uirthi, agus ar an láthair d’inniseadar dó ’n‐a taobh:
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus bhí máthair chéile Shíomóin ina luí tinn agus fiabhras uirthi, agus dʼinis siad dó fúithi gan mhoill.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Bhí máthair chéile Shíomóin ina luí agus an fiabhras uirthi, agus ní dhearna siad aon mhoill gan labhairt leis mar gheall uirthi.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Bhí máthair chéile Shíomóin ina luí agus an fiabhras uirthi, agus ní dhearna siad aon mhoill gan labhairt leis mar gheall uirthi.