Mark 1:32 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus an tan do bhí deireadh an láoi ann, ar ndul don ghréin fáoi, tugadar chuige gach áon dá raibh easlan, agus an a rabhadar deamhain.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus, tar éis dul faoi do’n ghréin, tráthnóna, thugadar chuige na daoine ar a raibh easláinte, agus iad‐san ’n‐a raibh deamhain.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
An tráthnóna úd, in am dhul faoi na gréine, thug siad chuige na daoine a bhí tinn, nó a raibh deamhain iontu.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Nuair a bhí an tráthnóna ann, tar éis luí gréine, thug siad chuige cách a bhí tinn agus na daoine a raibh deamhain iontu.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Nuair a bhí an tráthnóna ann, tar éis luí gréine, thug siad chuige cách a bhí tinn agus na daoine a raibh deamhain iontu.