Mark 1:40 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus tig lobhar chuige, dá léigean ar a ghlúinibh dhó, ag íaruigh dathchuinge air, agus dá rádh ris, Más toil leachd, is éidir leachd misi do ghlanadh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus tháinig lobhar chuige, ag cur athchuinghe air, agus ag umhlú ar a ghlúnaibh dhó, adubhairt sé, Má’s toil leat é, is féidir leat mise do ghlanadh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Níorbh fhada gur tháinig lobhar go dtí é, ag iarraidh dʼimpí air, agus ag feacadh glún roimhe, agus á rá, “Más maith leat é, is féidir leat mo dhéanamh glan.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tháinig lobhar chuige ag achainí air agus é ar a dhá ghlúin: «Más áil leat é,» ar seisean, «is féidir duit mé a ghlanadh.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Tháinig lobhar chuige ag achainí air agus é ar a dhá ghlúin: “Más áil leat é,” ar seisean, “is féidir duit mé a ghlanadh.”