Mark 1:45 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar nimtheachd dósan a mach do thionnsgain sé mórán dfhoillsiughadh, agus an ní do chur ós aird, ionnas nach raibh neart ag Iósa dul a sdeach sa gcathruigh ós aird, achd bheith a muigh a nionaduibh fásamhla: agus tangadar chuige as gach uile aírd.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht d’imthigh seisean amach, agus do thosnuigh sé ar an scéal d’innsint agus do chraobhscaoileadh go foirleathan, i dtreo nár fhéad Íosa dul isteach go poiblidhe i gcathair, acht gur fhan sé amuigh i n‐áiteannaibh fásamhla: agus tháinig na daoine chuige as gach áird.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach ní luaithe a bhí sé imithe ná thosaigh sé ar scaoileadh a bhéil agus ag scaipeadh an scéil, sa dóigh nár fhéad Íosa siúl isteach go follasach in aon bhaile, ach é ag fanacht amuigh ar an tuath; agus daoine ag tarraingt air as na ceithre aird.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ní túisce a d' fhág an duine an láthair, áfach, ná bhí guth ard aige ag leathadh an scéil, ionas nach bhféadfadh Íosa dul isteach go hoscailte i gcathair feasta, ach fanacht lasmuigh sna háiteanna uaigneacha agus bhítí ag triall air as gach aird.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ní túisce a dʼfhág an duine an láthair, áfach, ná bhí guth ard aige ag leathadh an scéil, ionas nach bhféadfadh Íosa dul isteach go hoscailte i gcathair feasta, ach fanacht lasmuigh sna háiteanna uaigneacha agus bhítí ag triall air as gach aird.