Mark 1:5 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do chúaidh tír Iúdaighe uile, agus luchd Iérusaléim a mach chuige, agus do bhaisdeadh leis íad uile a sruth Iordáin, ag admháil a bpeacadh.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do chuaidh tír Iúdaea uile agus muinntear Iarúsalem amach chuige agus do bhaist sé iad uile i sruth Iórnán agus iad ag admháil a bpeacadh.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus chuaigh a raibh i dtír Iúdaea agus muintir uile Iarúsailéim amach chuige; agus rinne sé a mbaisteadh in abhainn an Iornáin, agus iad ag admháil a bpeacaí.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus bhí ag teacht amach chuige na daoine ó thír Iúdáia go léir, agus muintir uile Iarúsailéim, agus iad ag fáil baiste uaidh in abhainn na Iordáine ag admháil a bpeacaí.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus bhí ag teacht amach chuige na daoine ó thír Iúdáia go léir, agus muintir uile Iarúsailéim, agus iad ag fáil baiste uaidh in abhainn na hIordáine ag admháil a bpeacaí.