Mark 1:6 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do bhí Eóin ar na éadughadh dó rúaínneach cámhall, agus crios leathair timcheall a leasruigh; agus a sé bíadh do itheadh sé, lócuisdighe agus mil choilteamhail;
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus is é éadach do bhí ar Eoin ruainneach camaill, agus do bhí crios leathair i dtimcheall a chuim, agus is é biadh d’itheadh sé lócaistí agus mil fhiadhain.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus ba é an t‑éadach a bhíodh ar Eoin rón camaill, agus crios leathair faoina chom, agus ba lócaistí agus mil na mbeach fiáin ba bhia dó.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Bhí rón camaill mar éadach ar Eoin, crios leathair faoina choim aige, lócaistí agus mil fhiáin mar bheatha aige.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Bhí rón camaill mar éadach ar Eoin, crios leathair faoina choim aige, lócaistí agus mil fhiáin mar bheatha aige.