Mark 10:1 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar néirghe, as sin dó, táinic sé go críochuibh Iúdea trés an dtáobh thall do Iórdan: agus do chruinnigheadar slúaighte a rís chuige; agus, mar budh ghnáth leis, do theaguisg sé íad a rís.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus ag imtheacht dó, tháinig sé go críochaibh Iúdaea ar an taobh thall de Iórnán: agus do chruinnigh na sluaighte chuige arís; agus, mar ba ghnáth leis, do theagaisc sé arís iad.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus dʼfhág sé an áit úd le dul go limistéar Iúdaea agus anonn thar abhainn an Iornáin, agus chruinnigh na sluaite chuige arís; agus é á dteagasc mar ba ghnách leis.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Ar fhagáil na háite sin dó, tháinig sé go dtí críocha Iúdáia ar an taobh eile den Iordáin, agus chruinnigh sluaite móra chuige arís agus bhí sé á dteagasc arís mar ba ghnách leis.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Ar fhágáil na háite sin dó, tháinig sé go dtí críocha Iúdáia ar an taobh eile den Iordáin, agus chruinnigh sluaite móra chuige arís agus bhí sé dá dteagasc arís mar ba ghnách leis.