Mark 10:13 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus tugadar chuige leínibh, do chum go mbeanfadh sé ríu: agus do imdheargadar a dheisciobail an mhuinntir thug léo íad.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus thugadar leinbh óga chuige, chum go leagfadh sé a lámh ortha: agus do chuir na deisceabail cosc leo‐san do bhí ’g‐a dtabhairt chuige.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus bhíothas ag tabhairt leanaí óga chuige; agus fuair a dheisceabail locht ar an dream a thug chuige iad.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus bhí siad ag tabhairt na leanaí chuige chun go sínfeadh sé a lámh orthu, ach bhí na deisceabail ag cur ceartú orthu.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus bhí siad ag tabhairt na leanaí chuige chun go sínfeadh sé a lámh orthu, ach bhí na deisceabail ag cur ceartú orthu.