Mark 10:17 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus an tan do chúaidh sé a mach ar a tslighidh, do rith óglach chuige, agus do léig sé ar a ghlúinibh dhó é, agus do fhíafruigh sé dhe, A Mhaighisdir mhaith, Créd do dhéuna mé do chum go bhfuighinn an bheatha mharthanach doighreachd?
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus nuair do bhí sé ag dul amach ar an mbealach, do rith fear chuige, agus do chaith sé é féin ar a ghlúnaibh ’n‐a láthair, agus d’fhiafruigh sé dhe, A Mháighistir mhaith, Créad do‐ghéanad‐sa chum go bhfaighead an bheatha shíorraidhe mar oighreacht?
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus é i bhfíorthús a aistir, rith fear aníos chuige agus chuaigh ar a ghlúine roimhe agus dʼfhiafraigh, “A Dhea-Oide, cad é sin a chaithfeas mé a dhéanamh leis an mbeatha shíoraí a fháil mar oidhreacht?”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Agus ag cur chun bóthair dó rith duine chuige agus chaith sé é féin ar a ghlúine ina láthair agus d' fhiafraigh sé de: «A Mháistir mhaith, cad tá le déanamh agam chun go mbeinn páirteach sa bheatha shíoraí?»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Agus ag cur chun bóthair dó rith duine chuige agus chaith sé é féin ar a ghlúine ina láthair agus dʼfhiafraigh sé de: “A Mháistir mhaith, cad tá le déanamh agam chun go mbeidh mé páirteach sa bheatha shíoraí?”