Mark 10:21 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd ar bhféuchain Díosa air, tug sé gradh dhó, agus a dubhairt sé ris, A tá én ní duireasbhuidh ort: imthigh, reac a bhfuil agad, agus tabhair do na bochdaibh, agus do ghéubha tú cisde ar neamh: agus tárr, tóg do chros, agus lean misi.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus iar bhféachain d’Íosa air, thug sé grádh dhó, agus adubhairt sé leis, Atá aon nidh amháin i n‐easnamh ort: imthigh, díol a bhfuil agat, agus tabhair a luach do na bochtaibh, agus do‐gheobhair saidhbhreas ar neamh; agus tar agus lean mise.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus dʼfhéach Íosa air agus thug sé grá dó, agus dúirt sé leis, “Níl in easpa ort ach aon ní amháin; imigh leat, agus díol a bhfuil agat, agus roinn a luach leis na bochtáin, agus beidh éadáil agat ar neamh; agus tar agus lean mise.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dhearc Íosa air agus thug grá dó agus dúirt leis: «Tá aon ní amháin in easnamh ort fós; imigh leat, díol a bhfuil agat agus tabhair do na boicht é agus beidh stór agat ar neamh; tar ansin agus lean mise.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dhearc Íosa air agus thug grá dó agus dúirt leis: “Tá aon ní amháin in easnamh ort fós; imigh leat, díol a bhfuil agat agus tabhair do na boicht é agus beidh stór agat ar Neamh; tar ansin agus lean mise.”