Mark 10:24 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus do bhí úathbhás ar a dheisciobluibh tré na bhríathruibh. Agus ar bhfreagra Díosa a rís, a dubhairt sé riú, A chlann, créd é dhocrachd don mhuinntir chuireas a ndóigh a saidhbhreas, dul a sdeach go flaitheas Dé!
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do chuir a bhriathra uathbhás ar na deisceablaibh. Acht do labhair sé arís, agus adubhairt sé leo, A chlann, nach deacair dhóibh‐sean a chuireas a muinghin as saidhbhreas dul isteach i ríoghacht Dé!
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus chuir na briathra seo aige iontas ar na deisceabail. Ach dúirt Íosa leo arís, “A leanaí liom, cé chomh deacair leis, dul isteach i ríocht Dé!
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Chuir a bhriathra alltacht ar a dheisceabail, ach d' fhreagair Íosa agus dúirt leo arís: «A chlann liom, cad é chomh deacair is atá sé dóibh siúd a chuireann a muinín i saibhreas dul isteach i ríocht Dé!
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Chuir a bhriathra alltacht ar a dheisceabail, ach dʼfhreagair Íosa agus dúirt leo arís: “A chlann liom, cad é chomh deacair is atá sé dóibh siúd a chuireann a muinín i saibhreas dul isteach i ríocht Dé!