Mark 10:35 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus tangadar Séumas agus Eóin, mic Shebedé, chuige, ag rádh, A Mhaighisdir, is sí ar dtoil go ndéantá dhúinn gidh bé ní íarrfam ort.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus tháinig chuige Séamas agus Eoin, mic Shebedé, agus adubhradar leis, A Mháighistir, ba mhian linn go ndéanfá dhúinn cibé nidh iarrfaimíd ort.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus tháinig Séamas agus Eoin, clann Shebidé, chun tosaigh chuige go ndúirt leis, “A Oide, táimid ag iarraidh ort cibé rud a impímid ort a dhéanamh dúinn.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Tháinig Séamas agus Eoin, clann Zeibidé; chuige á rá leis: «A Mhaistir, is mian linn go ndéanfá dúinn cibé ní a iarrfaimid ort.»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Tháinig Séamas agus Eoin, clann Zeibidé; chuige dá rá leis: “A Mhaistir, is mian linn go ndéanfá dúinn cibé ní a iarrfaimid ort.”