Mark 10:38 — Compare Translations

5 translations compared side by side

Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Achd a dubhairt Iósa ríu, Ní fios dáoibh créd íartháoi. A néidir libh an cupán ibhimsi dól? Agus bhur mbaisdeadh leis an mbaisdeadh lé a mbaisdear misi?
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Acht adubhairt Íosa leo, Ní fios daoibh créad iarras sibh. An cupán ólaim‐se, an féidir libh‐se a ól? nó an féidir libh an baisteadh le n‐a mbaistfear mise d’fhulang?
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Ach dúirt Íosa leo, “Ní thuigeann sibh cad é atá á iarraidh agaibh. An féidir libh an cupán a ólaim a ól, nó dul faoin mbaiste a mbaistear mise leis?”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Dúirt Íosa leo: «Níl a fhios agaibh cad atá sibh a iarraidh. An bhféadann sibh an cupa a ól atá á ól agamsa, agus sibh do bhur mbaisteadh leis an mbaisteadh lena bhfuilimse do mo bhaisteadh?»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Dúirt Íosa leo: “Níl a fhios agaibh cad atá sibh a iarraidh. An bhféadann sibh an cupán a ól atá dá ól agam-sa, agus sibh do bhur mbaisteadh leis an mbaisteadh lena bhfuilim-se do mo bhaisteadh?”