Mark 10:49 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus ar seasamh Díosa, a dubhairt sé, eisean do ghairm chuige. Agus do ghoireadarsan an dall, dá rádh ris, Bíodh dóchas maith agad, éirigh; a tá sé dod ghairm.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do stad Íosa, agus adubhairt sé, Glaodhaidh chugam air. Agus do ghlaodhadar ar an dall, ’g‐a rádh leis, Bíodh meisneach agat; éirigh id’ sheasamh, atá sé ag glaodhach ort.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus sheas Íosa agus dúirt sé, “Glaoigí air.” Agus ghlaoigh siad ar an dall, á rá leis, “Bíodh croí agat, éirigh, tá sé ag glaoch ort.”
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Stad Íosa agus dúirt: «Glaoigí anseo air.» Agus ghlaoigh siad ar an dall á rá leis: «Bíodh misneach agat! Éirigh! Tá sé ag glaoch ort!»
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Stad Íosa agus dúirt: “Glaoigí anseo air.” Agus ghlaoigh siad ar an dall dá rá leis: “Bíodh misneach agat! Éirigh! Tá sé ag glaoch ort!”