Mark 11:13 — Compare Translations
5 translations compared side by side
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Agus an tan do chonnairc sé crann fíge a bhfad úadh ar a raibh duilleabhar, táinic sé, dhá fhéuchain an bhfuigheadh sé éin ní air: agus an tan tháinic sé chuige, ní bhfúair sé éin ní achd na duilléoga; óir nír bhí aimsir na bhfigidhe í.
Irish 1951 (Tiomna Nua 1951 (de Siúnta))
Agus do chonnaic sé i bhfad uaidh crann fige agus duilleabhar air, agus tháinig sé d’fhéachain an bhfuigheadh sé aon nidh air: agus nuair tháinig sé chuige, ní fhuair sé acht duilleoga air; óir ní raibh séasúr na bhfige ann.
Irish 1970 (An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn))
Agus chonaic sé crann fige faoi dhuilliúr tamall uaidh, agus chuaigh sé chuige go bhfeicfeadh sé an bhfaigheadh sé aon ní air. Ach nuair a shroich sé é, ní bhfuair sé air ach duilleoga, mar níorbh é séasúr na bhfigí é.
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Nuair a chonaic sé i bhfad uaidh crann fígí agus duilliúr air, chuaigh sé féachaint an bhfaigheadh sé aon toradh air. Agus nuair a tháinig sé chuige ní bhfuair sé aon ní ach duilliúr mar níorbh é aimsir na bhfígí é.
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Nuair a chonaic sé i bhfad uaidh crann figí agus duilliúr air, chuaigh sé féachaint an bhfaigheadh sé aon toradh air. Agus nuair a tháinig sé chuige ní bhfuair sé aon ní ach duilliúr mar níorbh é aimsir na bhfigí é.